Céim Ar Aghaidh

Mír 1

Cluas le héisteacht: seal ag teagasc

Ar ball beag, beidh tú ag éisteacht le Caitlín Nic Íomhair ag cur síos ar a taithí ag teagasc Béarla d’eachtrannaigh i mBéal Feirste.

Agus tú ag coimhéad an fhíseáin, bí ag smaoineamh ar na ceisteanna seo a leanas:

  1. Caidé a spreag Caitlín le tabhairt faoin Bhéarla a mhúineadh?
  2. Caidé mar a d’éirigh léi agus í ag teagasc?
  3. Tharla rud nach raibh súil aici leis nuair a thosaigh sí a theagasc: caidé a bhí ann?

Tá script an fhíseáin le fáil in Scripteanna.
Tá freagraí le fáil in Nótaí agus Freagraí

Ag teagasc is ag foghlaim

Caitlín Nic Íomhair ag caint ar a taithí sa tseomra ranga, ag teagasc Béarla do theifigh.

Caitlín Nic Íomhair

Thosaigh mé ag múineadh Béarla nuair a bhí mé naoi mbliana déag d’aois. Chinn mé, bhí go leor ionsaithe ciníocha i ndiaidh tarlú i mBéal Feirste ag an am agus go leor daoine úra i ndiaidh teacht chun na tíre, ag lorg tearmainn. Agus bhí mé ag iarraidh cur in éadan na n-ionsaithe seo agus tacaíocht éigin a thabhairt don phobal úr. Mar sin, thosaigh mé ag múineadh Béarla.

Rud a bhí spéisiúil faoi ná gur obair dheonach a bhí ann agus níor tugadh mórán comhairle dúinn ar chor ar bith faoi chur chuige. Mar sin, thriail mé rudaí agus chuaigh mé amú. Agus thriail mé rudaí úra agus chuaigh mé amú arís.

Is eispéireas faoi leith a bhí ann, nó bhí an teanga seo riachtanach do na daoine seo. Bhí siad ina gcónaí i gceantar, bhuel i gcathair, nár chuir fáilte Uí Cheallaigh rompu agus ní chuideodh sé iad a bheith gann ar Bhéarla. So, obair éigeandála a bhí ann, ar shlí. Ach bhí sé an-spéisiúil nó, go hiondúil, bhí mórtheanga éigin acu, seachas an Béarla. So, bhí Fraincis ag cuid mhaith acu. Bhí Spáinnis ag roinnt acu. Bhí teangacha Sínise ag cuid acu. Agus Araibis ag daoine eile.

Den chuid is mó, bhí mórtheanga choilíneach acu agus, ansin, a dteanga féin. Agus bhí sé iontach spreagúil. Sin, i ndáiríre, nuair a amharcaim siar air, sin an rud a spreag mise i dtaobh na Gaeilge. Dúirt mé, you know, ‘Ba cheart go mbeadh mo theanga féin agamsa. So, ar shlí, chuidigh mise leo Béarla a fhoghlaim agus chuidigh siadsan liomsa Gaeilge a foghlaim. Agus is rud an-tábhachtach, céim no stad fíorthábhachtach i mo shaol a bhí ann.

  1. Caidé a spreag Caitlín le tabhairt faoin Bhéarla a mhúineadh?
    Bhí sí ag cur i gcoinne ionsaithe ciníocha a bhí i ndiaidh tarlú i mBéal Feirste. Chomh maith leis sin, bhí sí ag iarraidh rud éigin a dhéanamh a chuideodh leis na heachtrannaigh a bhí i ndiaidh teacht go hÉirinn.
  2. Caidé mar a d’éirigh léi agus í ag teagasc?
    Obair dheonach a bhí ann, agus níor cuireadh oiliúint ar na múinteoirí. Bhain Caitlín triail as rudaí sa tseomra ranga ach níor éirigh leo i gcónaí.
  3. Tharla rud nach raibh súil aici leis nuair a thosaigh sí a theagasc: caidé a bhí ann?
    Chuir sí suim sa Ghaeilge i ndiaidh di a bheith ag obair le daoine a bhí dátheangach nó ilteangach.