San aonad seo, tá nótaí agus cleachtaí ar na rudaí seo a leanas:
- Ainmfhocail chinnte agus ainmfhocail éiginnte
- Na baill urlabhra, i.e. na páirteanna den bhéal a úsáidtear le fuaimeanna faoi leith a dhéanamh.
- An clásal coibhneasta indíreach.
- An fhoirm spleách den bhriathar.
- Na háiseanna atá le fáil ar líne a chuideoidh leat snas a chur ar do chuid Gaeilge labhartha.
Beidh seans agat féin:
- Do mhachnamh a dhéanamh faoi na rudaí a spreag do shuim sa Ghaeilge.
- A mhíniú cad chuige a bhfuil tú ag iarraidh do chuid Gaeilge a shaibhriú.
- Do mhachnamh a dhéanamh faoi na straitéisí a úsáideann tú nuair a thig tú ar fhocal úr nach dtuigeann tú.
- Éisteacht le sliocht as gearrscéal leis an scríbhneoir Chonallach Eithne Ní Ghallchobhair.