An Lia Gramadaí: treise sa Ghaeilge
Amharc ar an fhíseán dheireanach de chuid Lia na Gramadaí, Aodh Ó Gallchóir. Cúrsaí foghraíochta atá faoi thrácht ag Aodh agus é ag cur comhairle orainn faoin dóigh cheart le béim a chur ar fhocail sa Ghaeilge.
Luann Aodh ‘na míreanna treise’, is é sin na deirí a chuirtear le focail le béim a chur orthu: ‘Tá sin ródhaor domhsa’ nó ‘Fútsa atá sé.’ Sin bealach amháin le treise a chur ar fhocal faoi leith san abairt, ach tá bealaí eile ann.
Léigh na habairtí Béarla thíos. Caidé mar a chuirfeá Gaeilge orthu agus an bhéim atá ar fhocail faoi leith a thabhairt slán?
- You do it!
- It’s Síle I’m talking about.
- Och, don’t pay any attention to him.
- Actually, I was born in New York.
- I’m not angry, but disappointed.
Tá script an fhíseáin le fáil in Scripteanna.
Tá freagraí le fáil in Nótaí agus Freagraí.
An Lia Gramadaí: Treise leat!
Cúrsaí foghraíochta atá faoi thrácht ag an Lia Gramadaí, Aodh Ó Gallchóir. Caidé mar a chuirtear béim ar fhocail sa chaint?
Aodh Ó Gallchóir
An bhfuil sé ceart béim a chur ar an aidiacht shealbhach díreach mar a dhéantar sa Bhéarla? An bhfuil sé ceart, ‘Sin mo pheann’ a ráit, mar shampla?
Anois, sin gnáthrud sa Bhéarla. Tá sé nádúrtha go leor, go háirithe nuair a bhíonn dealú á dhéanamh ag duine. Déarfadh duine, mar shampla, That’s my book nó Is that yours? Bheadh an rud céanna sin iontach iontach mínádúrtha sa Ghaeilge. Cuir i gcás dá ndéarfadh duine, ‘Sin mo cheann.’ Well, níl sin ag teacht le dúchas na Gaeilge ar chor ar bith. Is é an rud a déarfadh an cainteoir Gaeilge sa chás sin ná, ‘Sin mo cheannsa’ nó ‘Liomsa é sin.’
Mar a léiríodh sa chéad sampla sin, is é an nós atá againn sa teangaidh seo ná ruball1 beag a chur ar an ainmfhocal ar mhaithe le béim a chur air. ‘An fhoirm threise’ a thugann muid air sin. Bhéarfaidh mé cúpla sampla anois daoibh. An chéad sampla: ‘Níl cochall ar bith ar mo chótasa.’ An darna ceann: ‘Caithfidh tú an scéal a thuigbheáil ónár dtaobhna de.’
Anois, rud eile a thig a dhéanamh ná struchtúr mar seo a úsáid, ‘Níl cochall ar bith ar chóta s’agamsa’ nó ‘Caithfidh tú an scéal a thuigbheáil ó thaobh s’againne de.’
Dóigh amháin nó an dóigh eile, cuimhnígí go bhfuil cúpla rogha2 ansin agaibh agus nár cheart an bhéim sin ar an aidiacht shealbhach sa chaint a thabhairt trasna ón Bhéarla.
- …ruball… Leagan Ultach de ‘eireaball’.
- …rogha… Tabhair faoi deara gur ‘ré’ a deir Aodh. Is mar sin a fhuaimnítear an focal i nGaeilge Thír Chonaill.
- You do it!
‘Déan féin é!’ nó ‘déan tusa é.’ Tabhair faoi deara go mbíonn séimhiú ar ‘tusa’ agus ‘sibhse’ i nGaeilge Uladh: ‘Déan thusa é!’ nó ‘déanaigí shibhse é!’ - It’s Síle I’m talking about.
An rud atá le seachnadh anseo ná ‘Tá mé ag caint faoi Shíle’. Le béim a chur ar ‘Síle’, caithfear í a thabhairt go tús na habairte: ‘(Is) faoi Shíle atá mé ag caint.’ - Och, don’t pay any attention to him.
Thig úsáid a bhaint as míreanna taispeántacha ‘seo’, ‘sin’ agus ‘siúd’ le béim a chur ar fhocal. ‘Och, ná tabhair aird ar bith air siúd.’ Bheadh ‘Ná tabhair aird ar bith airsean’ ceart fosta. - Actually, I was born in New York.
Arís, is i dtús na habairte ba cheart ‘Nua-Eabhrac’ a bheith: ‘Dáiríre, is i Nua-Eabhrac a rugadh mé.’ - I’m not angry, but disappointed.
Abairt lag go leor a bheadh ann dá mbeifí ag brath ar an bhriathar ‘bí’: ‘Níl fearg orm, ach tá díomá orm.’ Is fearr an chopail a úsáid: ‘Ní fearg atá orm, ach díomá.’