Cúinne na héigse: ‘Tobghrá’ le Caitlín Nic Íomhair
Amharc ar an fhíseán ina míníonn Caitlín an cúlra a bhaineann le dán a chum sí féin, ‘Tobghrá.’ Thig leat éisteacht leis an dán á léamh amach aici agus an téacs a léamh ar an scáileán.
Amharc ar an fhíseán agus scríobh roinnt nótaí faoin dóigh a ndeachaigh an dán i bhfeidhm ort.
- Caidé na mothúcháin a mhúscail sé ionat?
- Caidé a shíl tú den mheafar atá i gcroí an dáin?
- An bhfuil línte faoi leith a d’fhan i do chuimhne?
- Cén tionchar a d’imir fuaim na bhfocal agus rithim an dáin ort? (Léigh féin an dán os ard le léargas níos fearr a fháil ar cheol an dáin.)
Tobghrá: dán le Caitlín Nic Íomhair
An dán Tobhgrá á léamh ag an údar, Caitlín Nic Íomhair.
Caitlín Nic Íomhair
Ní cuimhin liom cá huair a scríobh mé an dán seo ach is cuimhin liom an cúlra atá leis. Go minic, ní bhíonn cuimhní an-láidir agam faoi… faoi dhán a scríobh mé. Ach is dóigh gur sampla é seo den rud a raibh mé ag caint air níos luaithe, faoi… gur bealach cineál neamhdhíreach é le dul i ngleic le rud. Bíonn tú, sórt… gur timchaint ar rud atá an-íogair agus an-fhírinneach atá i gceist. Níl a fhios agam cén fáth arb é an meafar a tháinig chugam ná potaí créafóige, ach sin an rud a tharla. Mar sin, léifidh mé an dán.
Tobghrá
Tá mé ag crúbáil san fhírinne,
tóraíocht chostarnocht ar ghiotaí géara seanghrá
le cinntiú nár mé ba chiontaí
as tost agus cantal ár meatha.
Grinním a dtimpeallaíonn:
potaí créafóige mo thráthghrá.
An ceann seo ina phúdar mín
bog faoi mo chosa
ag síothlú trí mo lámha
má bheirim greim air.
Ceann thall atá foirfe
murach a bhun bheith scriosta
is le gach iarracht deisiúcháin
cailltear píosa eile.
Agus ceann s’againne romham
nár léim mé air go fóill
nár iompaíodh, ach ar éigean, droim in airde
ag dúil le litir ghrá i bhfolach.
Níl de smál air i ndáiríre
ach seanfhuil ár seacht ndíchill
sceach a shá i mbéal bearna
dofheicthe.
Is é is deise liom fós
téann fuil le terracotta
ach mar a d'fhoghlaim go pianmhar,
titeann gach braon as ár bpota.