Céim Ar Aghaidh

Mír 3

I ngleic leis an ghramadach: an séimhiú

Mhínigh Aodh Ó Gallchóir na míthuiscintí a bhaineann le haidiachtaí aitreabúideacha agus aidiachtaí faisnéiseacha. Sna nótaí seo, pléifear míthuiscint choitianta eile a bhíonn ann maidir leis an tséimhiú.

Bata fear siúil

In Aonad 3, pléadh an struchtúr ‘bata fear siúil’. Míníodh gur aonad céille é ‘fear siúil’ agus moladh gan é a infhilleadh, fiú má tá rud inteacht roimhe a chuireann ainmfhocal sa tuiseal ghinideach de ghnáth, mar shampla ainm briathartha, réamhfhocal comhshuite nó ainmfhocal eile.

  • clár ceoil + láithreoir = láithreoir clár ceoil
  • foireann iománaíochta + bainisteoir = bainisteoir foireann iománaíochta

Ní hannamh, áfach, a chuirtear séimhiú ar thúslitir an ionaid chéille, mar seo:

  • láithreoir chlár ceoil 
  • bainisteoir fhoireann iománaíochta 

Tá an séimhiú sin mícheart mar is ainmfhocail éiginnte atá sna haonaid chéille ‘clár ceoil’ agus ‘foireann iománaíochta’. Is cosúil go mbíonn riail eile ar fad ar intinn daoine nuair a chuireann siad séimhiú ar a leithéid – rialacha a bhaineann le aonaid chéille atá cinnte.

Hata fhear an tí

Ainmfhocail chinnte atá sna haonaid chéille seo a leanas:

  • fear an tí (an t-alt)
  • Tír Eoghain (ainm dílis)
  • teach mo dhearthár (aidiacht shealbhach)
  • Siansa a Trí (cáilithe ag orduimhir)

Cuir i gcás go gcuirfí ainmfhocal, ainm briathartha nó réamhfhocal comhshuite roimh na haonaid chéille sin. Go fóill féin, ní dhéanfaí iad a infhilleadh. Ina áit sin, chuirfí séimhiú ar thúslitir an chéad fhocail:

  • fear an tí + hata = hata fhear an tí
  • Tír Eoghain + muintir = muintir Thír Eoghain
  • teach mo dhearthár + os comhair = os comhair theach mo dhearthár
  • Siansa a Trí + ag cumadh = ag cumadh Shiansa a Trí

Is minic a thugtar ‘hata fhear an tí’ ar an riail sin, ainm ar furasta cuimhne a choinneáil air. Caithfear a bheith faichilleach, mar úsáidtear an séimhiú le bríonna éagsúla a chur in iúl. Tá ‘Cumann Sacair na hÉireann’ ceart mar is cumann sacair atá lonnaithe in Éirinn atá i gceist. Bheadh ciall eile le ‘Cumann Shacar na hÉireann’. Tugann sin le fios go bhfuil spórt ann ar a dtugtar ‘Sacar na hÉireann’ agus gurb é seo an cumann a bhíonn ag plé leis.

Críochnaigh na haistriúcháin Ghaeilge 1–10.

  1. The Irish Heart Foundation.
    Foras _______________________________
  2. Carrickfergus Community Centre.
    Ionad______________________________ Charraig Fhearghais.
  3. End of Part One.
    Deireadh ______________________________
  4. The Dublin City University Cumann Gaelach’s Annual Dinner.
    Dinnéar bliantúil ______________________________
  5. Internet services provider.
    Soláthraí ______________________________
  6. End of year exam.
    Scrúdú ______________________________
  7. Once we had a teacher, we went looking for a classroom.
    An uair amháin a bhí múinteoir againn, chuaigh muid a lorg ______________________________
  8. It’s nice to relax after a long day’s work.
    Is deas do scíste a dhéanamh i ndiaidh ______________________________
  9. She’s director of a charity (cumann carthanachta).
    Is stiúrthóir ______________________________
  10. The programme tells the story of the Irish Coast Guard.
    Sa chár seo, insítear scéal ______________________________

Tá freagraí le fáil in Nótaí agus Freagraí.

  1. The Irish Heart Foundation.
    Foras Croí na hÉireann. Bheadh ciall eile ar fad le ‘Foras Chroí na hÉireann’: the Foundation of the Heart of Ireland.
  1. Carrickfergus Community Centre.
    Ionad Pobail Charraig Fhearghais. Is ionad pobail atá lonnaithe i gCarraig Fhearghais atá ann. Bheadh ciall bheag eile le ‘Ionad Phobal Charraig Fhearghais’: the Centre of the Community of Carrickfergus.
  1. End of Part One.
    Deireadh Chuid a hAon. Tá séimhiú ar ‘cuid’ toisc gur ainmfhocal cinnte atá ann, atá cáilithe ag orduimhir. Dar ndóigh, tá bealaí ann le teacht timpeall ar na dúshláin ghramadaí. Ní bheadh locht ar bith ar ‘Deireadh le Cuid a hAon.’
  1. The Dublin City University Cumann Gaelach’s Annual Dinner.
    Dinnéar bliantúil Chumann Gaelach Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath.
  1. Internet services provider.
    Soláthraí seirbhísí idirlín. Níl feidhm ar bith le séimhiú mar is aonad céille éiginnte atá i ‘seirbhísí idirlín.’
  1. End of year exam.
    Scrúdú deireadh bliana nó scrúdú dheireadh na bliana.
  1. Once we had a teacher, we went looking for a classroom.
    An uair amháin a bhí múinteoir againn, chuaigh muid a lorg seomra ranga. Is aonad céille éiginnte atá i ‘seomra ranga.’
  1. It’s nice to relax after a long day’s work.
    Is deas do scíste a dhéanamh i ndiaidh lá fada oibre.
  1. She’s director of a charity (cumann carthanachta).
    Is stiúrthóir cumann carthanachta í. Thiocfadh seo a scríobh ach oiread: Is stiúrthóir ar chumann carthanachta í.
  1. The programme tells the story of the Irish Coast Guard.
    Sa chár seo, insítear scéal Gharda Cósta na hÉireann. Is é ‘Garda Cósta’ an t-aonad céille.