I ngleic leis an ghramadach: an clásal coibhneasta
Amharc ar na frásaí seo as an fhíseán An áit a bhfuil mo chroí, agus ar na haistriúcháin Bhéarla atá taobh leo.
Gaeilge | Béarla |
---|---|
Baile fearainn Mhachaire Rabhartaigh, atá cois cladaigh ansin. | The townland of Machaire Rabhartaigh, which is by the seashore. |
Sin an áit a bhfuil mo theaghlach go fóill. | That’s where my family are still. |
Na chéad daoine a bhí lonnaithe san áit. | The first people who were settled there. |
An lán mara ard a thagann isteach ar an chúltrá. | The high tide that comes in on the inner beach. |
An áit a dtagann an fharraige isteach ar an Tráigh Bheag. | Where the sea comes in on an Tráigh Bheag. |
Tá seanchleachtadh againn ar na míreanna coibhneasta Béarla, which, where, who, that, when agus araile. Is focail ghairide iad a nascann páirt amháin d’abairt le páirt eile sa dóigh is go mbeidh a fhios againn cé atá i gceist, nó cén áit nó cén t-am.
Tá na míreanna coibhneasta Gaeilge rud beag níos casta ná sin. I measc na gceisteanna a bhíonn ar intinn an fhoghlaimeora tá:
- Cad chuige a mbíonn ‘atá’ in abairtí áirithe agus ‘a bhfuil’ in abairtí eile?
- Cad chuige a mbíonn ‘a thagann’ in abairtí áirithe agus ‘a dtagann’ in abairtí eile?
- Bíonn ‘a’ ann go minic, ach tá míreanna coibhneasta eile ann: ‘ar’, ‘nach’, ‘nár’. Cá huair a úsáidtear na míreanna sin? Caidé ba cheart a dhéanamh má tá an chopail ‘is’ san abairt?
Freagróidh muid na ceisteanna sin san aonad seo agus in Aonad 2. Beidh neart cleachtaí gramadaí ann a thabharfaidh seans duit na rialacha a chleachtadh. San aonad seo, beidh muid ag díriú ar an chlásal choibhneasta dhíreach.
Amharc ar an dá chlásal seo thíos.
Sin an t-amhránaí.
Ceolann sí amhráin Ghaeilge.
Agus seo an dá chlásal le chéile in aon abairt amháin.
Sin an t-amhránaí a cheolann amhráin Ghaeilge.
Deirtear gur coibhneas díreach atá idir an dá chlásal sin – is í an t-amhránaí a cheolann an t-amhrán. Déanann sí féin sin glan díreach, gan baint a bheith ag duine ar bith eile leis an scéal. Ó thaobh na gramadaí de, is í an t-amhránaí an t-ainmní. Is ise a dhéanann an gníomh atá i gceist sa bhriathar ‘ceol.’ Coibhneas díreach a bheadh ann fiú dá mbeadh na focail in ord eile, sa dóigh is go mbeadh an cuspóir (‘amhráin Ghaeilge’) i dtús na habairte agus an t-ainmní ag teacht ina dhiaidh.
Amhráin Ghaeilge a cheolann an t-amhránaí sin.
Más coibhneas díreach atá ann, agus más abairt dhearfach ata i gceist, úsáidtear an mhír choibhneasta ‘a’ i ngach aimsir. Leanann séimhiú ‘a’ ach amháin i gcás an bhriathair 'abair' agus aimsir láithreach an bhriathair ‘tá’:
Sin an cheist. Tá sí doiligh a fhreagairt.
Sin an cheist atá doiligh a fhreagairt
Duine atá ann. Deir sé rudaí gan chiall.
Duine atá ann a deir rudaí gan chiall.
Más abairt dhiúltach atá i gceist, úsáidtear ‘nach’ + urú i ngach aimsir ach amháin an aimsir chaite shimplí. ‘Nár’ + séimhiú a úsáidtear san aimsir sin, de ghnáth.
Is beag rud. Ní chuireann siad suim ann.
Is beag rud nach gcuireann siad suim ann.
Foireann a bhí ann. Níor chaill siad mórán cluichí riamh.
Foireann a bhí ann nár chaill mórán cluichí riamh.