Céim Ar Aghaidh

Mír 4

Lúth na teanga: mise agus an fhoghraíocht

Amharc ar an fhíseán Mise agus an Fhoghraíocht ina labhraíonn Antain Mac Lochlainn faoin dearcadh a bhí aigesean ar chúrsaí foghraíochta nuair a thosaigh sé féin a fhoghlaim na Gaeilge. 
Is as Cúil Raithin, Contae Dhoire, d’Antain agus thosaigh sé a fhoghlaim na Gaeilge san ollscoil ansin.

Tá an méid a dúirt Antain scríofa amach in Scripteanna. Déan iarracht brí a chuid cainte a thabhairt leat sula léifidh tú an téacs. 

  • Mhínigh Antain a dhearcadh maidir le cúrsaí foghraíochta, ach caidé do dhearcadh féin?
  • Léigh na ráitis agus na ceisteanna sa cheistneoir ‘Mise agus an fhoghraíocht’.
  • Coinnigh an ceistneoir in áit shábháilte. Léigh arís é agus tú ag gabháil do Céim ar Aghaidh. Ar athraigh rud ar bith? An bhfuil ag éirí leat do chuspóirí a bhaint amach?
  1. ‘Is cuma cé acu ‘teach’ nó chack a deir daoine, fad is go dtuigtear iad.’
    Aontaím go láidir
    Aontaím go pointe
    Níl mé cinnte
    Ní aontaím ar chor ar bith

    Mínigh an freagra a thug tú:

    _________________________________________________________________________________________

    __________________________________________________________________________________________

  2. ‘Tá fuaimeanna sa Ghaeilge nach dtig liomsa a rá.’
    Aontaím go láidir
    Aontaím go pointe
    Níl mé cinnte
    Ní aontaím ar chor ar bith

    Má aontaíonn tú, tabhair dhá shampla:

    __________________________________________________________________________________

    __________________________________________________________________________________

  3. ‘Tá sé rómhall domhsa anois feabhas a chur ar mo chuid foghraíochta.’
    Aontaím go láidir
    Aontaím go pointe
    Níl mé cinnte
    Ní aontaím ar chor ar bith

    Má aontaíonn tú, luaigh dhá rud a thig le foghlaimeoirí a dhéanamh le feabhas a chur ar a gcuid foghraíochta:

    ___________________________________________________________________________________

    ___________________________________________________________________________________

  4. ‘Ní chluinim difear mór idir fuaimeanna na Gaeilge agus fuaimeanna an Bhéarla.’
    Aontaím go láidir
    Aontaím go pointe
    Níl mé cinnte
    Ní aontaím ar chor ar bith

    Mínigh an freagra a thug tú:

    ___________________________________________________________________________________

    ___________________________________________________________________________________

  5. ‘Tá cuspóir agam maidir le cúrsaí foghraíochta de,’ m.sh. máistreacht a bheith agam ar na fuaimeanna uilig, a bheith ábalta na fuaimeanna is tábhachtaí a rá, labhairt go measartha soiléir.

    Cuir síos ar do chuspóir féin:

    ___________________________________________________________________________________

    ___________________________________________________________________________________

Mise agus an fhoghraíocht

Antain Mac Lochlainn ag caint ar thábhacht na foghraíochta d’fhoghlaimeoirí Gaeilge.

ANTAIN MAC LOCHLAINN

Is cuimhin liom, an t-am sin, gur shíl mé go raibh sé ar an ghné den fhoghlaim ba mhó a chuireadh beaguchtach orm, mar chonacthas dom, agus chonacthas do léar1 daoine a bhí sa rang liom san ollscoil, go rabhthas ag iarraidh orainn ár mblas cainte féin a chaitheamh uainn agus, b’fhéidir, a bheith ag aithris ar mhuintir2 Thír Chonaill. Agus bhí muid go mór in amhras faoi sin.

Mar is rud iontach pearsanta do bhlas cainte féin, agus má tá daoine ag rá leat nach bhfuil tú ag caint mar is ceart, goilleann sin ort rud beag agus bíonn tú cosantach faoi. Agus, is dócha,3 shíl muid chomh maith, ‘Rugadh in Éirinn muid, agus nach bhfuil ár gcuid cainte féin chomh maith le caint duine ar bith eile sa tír?’ So, bhí sin ag dul ar aghaidh fosta. Agus bíonn daoine iontach teann faoi na rudaí sin. You know, cúrsaí féiniúlachta agus mar sin de.4

Déarfainn anois nár thuig mé an scéal mar is ceart, mar ní hionann blas cainte agus córas fuaimeanna i dteangaidh5 ar bith. Má labhraim Béarla6 agus má labhraim Gaeilge, is cuma i ndáiríre, is í… ní athraíonn mo bhlas cainte, mórán. Dá mbeinn seal ag caint i mBéarla, seal ag caint i nGaeilge, níl duine ar bith ann a déarfadh, Oh my God, is that really the same speaker? An tuin chainte chéanna a bíos ann i gcónaí,7 agus an blas cainte céanna.

Agus tá léiriú iontach soiléir air sin le fáil sna taifeadtaí sin8 a rinneadh ar chainteoirí dúchais Gaeilge i bhfad siar, sna fichidí agus roimhe sin. Cainteoirí as Tír Eoghain, as deisceart Dhoire, as Glinnte Aontroma,9 Ard Mhacha. Bhí blas láidir réigiúnach dá gcuid féin ar chaint gach duine de na cainteoirí sin ach, an rud is tábhachtaí ar fad, bhí fuaimeanna na Gaeilge acu. Agus sin an rud atá tábhachtach san obair seo.

Is dócha, na rudaí is tábhachtaí ar fad, na fuaimeanna sin atá sa Ghaeilge agus nach bhfuil sa Bhéarla ar chor ar bith. Agus ní thig leat a bheith ag brath ar d’eolas ar an Bhéarla le go mbeidh na fuaimeanna seo agat mar, níl siad sa Bhéarla ar chor ar bith. Focal beag chomh bunúsach agus chomh simplí le ‘teach’, mar shampla. Tá t caol i dtús an fhocail sin – teso t caol atá ann [fuaimníonn sé caol cúpla uair]. Agus níl an fhuaim sin sa Bhéarla, ach an chontúirt atá ann, bíonn foghlaimeoirí ag éisteacht le rudaí mar seo agus deir siad, ‘Ceart go leor. Tá sin iontach cosúil le sh, mar atá in church agus chapel agus focla mar sin.’10 Agus úsáideann siad an rud is deise sa Bhéarla, an rud is deise don fhuaim Ghaeilge.

I ndeireadh an fhocail sin ‘teach’ tá ch. Agus bíonn sé sin deacair ag foghlaimeoirí fosta agus, is minic a chuireann siad ina áit, mar atá in black agus back agus focla mar sin. Ach má dhéanann tú sin, ní ‘teach’ a bheas agat,11 ach chack. Agus sin an fáth a ndeir daoine rudaí cosúil le ‘Tá chack ar dóigh aige sin’ agus rudaí mar sin.

Agus, dar liom, má tá muid leis an Ghaeilge a fhoghlaim, tá sé chomh maith againn í a labhairt mar is ceart. Agus tá sé chomh furast’12 céanna ‘teach’ a rá agus atá sé chack a rá, má chuireann tú chuige mar is ceart.

  1. léar daoine… Is é ‘lear’ an litriú caighdeánach; ‘léar’ an leagan Ultach.
  2. ar mhuintir Thír Chonaill… Ní chluintear an n san fhocal ‘muintir’. Muitir a deirtear i dTír Chonaill.
  3. is dócha… I gCúige Uladh, deirtear ‘is dóiche’.
  4. mar sin de… Is minic a bhíonn na réamhfhocail ‘de’ agus ‘do’ trína chéile i nGaeilge Uladh. Is mar gheall air sin a deir Antain ‘mar sin dó’.
  5. i dteangaidh ar bith… Is é ‘teanga’ an litriú caighdeánach; ‘teangaidh’ an leagan Ultach den fhocal sa tuiseal ainmneach.
  6. Má labhraim Béarla… De réir an Chaighdeáin Oifigiúil, is briathar den dara réimniú é ‘labhair’: labhraímlabhraíonn tú srl. Ní mar sin atá i nGaeilge Uladh: An labhrann tú Gaeilge?
  7. An tuin chainte chéanna a bíos ann i gcónaí… De réir an Chaighdeáin, is ‘a bhíonn’ a bheadh ann, ach tá roinnt foirmeacha coibhneasta i nGaeilge Uladh (1) a bhíos agus (2) a bíos.
  8. sna taifeadtaí sin… Is é a deir Antain, ‘insna taifeadtaí sin’. Maireann an fhoirm seo go láidir i nGaeilge Uladh. Féach fosta ‘níl siad (in)sa Bhéarla ar chor ar bith’.
  9. Glinnte Aontroma… ‘Glinntí’ a deirtear de ghnáth.
  10. agus focla mar sin. Is é ‘focail’ an uimhir iolra chaighdeánach; ‘focla’ a deirtear i gCúige Uladh.
  11. ní ‘teach’ a bheas agat… Cluintear ‘a bheas’ go minic in áit ‘a bheidh’. Is foirm choibhneasta atá ann.
  12. furast’… Is é ‘furasta’ an litriú caighdeánach, ach is gnách an a deireanach a fhágáil ar lár.