Céim Ar Aghaidh

Mír 3

Do shealsa anois

Chuala tú Brian agus Anna ag cur síos ar a n-áit dhúchais agus ar chiall an logainm. Scríobh féin anois píosa gairid (timpeall 150–300 focal) ag cur síos ar d’áit dhúchais agus/nó ar an áit a bhfuil tú i do chónaí. Thig leat na pointí seo a lua:

  • suíomh na háite, m.sh. cois cladaigh, ar bhruach locha nó abhann, ag bun sléibhe nó cnoic
  • an cineál áite atá ann, m.sh. cathair, baile mór, bruachbhaile, sráidbhaile, ceantar tuaithe
  • do mheas ar an áit, m.sh. tá mo chroí istigh ann, is beag orm é
  • an logainm Gaeilge – b’fhéidir go mbeadh níos mó ná míniú amháin air.

Déan do dhícheall an litriú agus an ghramadach a bheith ceart. Má tá tú in amhras faoin dóigh cheart le focal a litriú, seiceáil san fhoclóir é. Má tá tú buartha faoin ghramadach, coinnigh na habairtí gairid, simplí.

Agus an píosa scríofa agat, léigh amach os ard é cúpla uair. Nuair atá tú sásta go dtig leat é a léamh go maith, déan é a thaifeadadh ar do ghuthán, ar an ríomhaire nó ar ghléas taifeadta eile. Coinnigh an taifeadadh in áit shábháilte – beidh sé de dhíth ort amach anseo.

  1. Éist leis an taifeadadh anois is arís agus tú ag gabháil do Céim ar Aghaidh. Ar éirigh leat na fuaimeanna Gaeilge a rá go soiléir? An bhfuil tú sásta leis i gcónaí?
  2. Déan an píosa céanna a thaifeadadh arís, i ndiaidh cuid de na cleachtaí foghraíochta in Céim ar Aghaidh a dhéanamh. An bhfuil difear le cluinstin idir an chéad taifeadadh agus iarrachtaí eile? An bhfuil ag éirí leat fuaimeanna áirithe a rá níos soiléire? An bhfuil ‘blas’ níos fearr ar do chuid Gaeilge?