Céim Ar Aghaidh

Mír 1

Cluas le héisteacht: saibhriú focal

Ar ball beag, beidh tú ag éisteacht le dhá phíosa cainte:

  1. Brian Ó Fearraigh, ag cur síos ar a áit dhúchais i nGaeltacht Thír Chonaill.
  2. Anna Ní Bhroin, ag míniú an ainm ‘Machaire Rabhartaigh’.

Sula n-amharcfaidh tú ar an fhíseán, bain triail as an chleachtadh thíos.

1. townland2. by the seashore
3. more than three miles out to sea     4. to be honest with you
5. very often, a lot     6. surname7. placename
8. settled, living in a particular place
9. level ground, flat land          10. it's more likely
  • Léigh na focail agus na frásaí Béarla sa bhosca thuas.
  • Cad é mar a déarfá na rudaí sin i nGaeilge?
  • Má tá ceann ar bith ann nach dtig leat a aistriú go Gaeilge, cuardaigh i bhfoclóir Béarla–Gaeilge é.
  • Scríobh amach do leaganacha Gaeilge féin.
  • Amharc ar an fhíseán thíos agus bí ag éisteacht fá choinne leaganacha Gaeilge na bhfocal agus na bhfrásaí 1–10. Scríobh síos iad.
  • An raibh tú féin agus an cainteoir ar aon fhocal? Ná bí buartha mura raibh – tá neart bealaí ann leis na rudaí céanna a rá i nGaeilge.
  • Gabh go dtí Nótaí agus Freagraí go bhfeicfidh tú na leaganacha a bhí ag na cainteoirí.
  • Tá téacs na n-agallamh le fáil in Scripteanna.

An áit a bhfuil mo chroí

Brian Ó Fearraigh agus Anna Ní Bhroin ag caint faoi na háiteanna dúchais s’acu.

Brian Ó Fearraigh

Rugadh agus tógadh i Machaire Rabhartaigh mé, i mbaile fearainn Mhachaire Rabhartaigh agus…atá cois cladaigh ansin. Agus amach ó Mhachaire Rabhartaigh ansin tá oileán Inis Bó Finne,1 thart fá, corradh is trí mhíle i bhfarraige nó mar sin. Agus tá ceangal láidir agam le hInis Bó Finne de thairbhe2 gur as an oileán sin m’athair. Agus is as Machaire Rabhartaigh mo mháthair ó dhúchas fosta. Tá ceangal agam leis an dá áit ach le bheith ionraice leat, creidim, dá ndéarfainn cá háit a bhfuil mo chroí – tá mo chroí ar an oileán. Creidim gur sin…chaith mé laethanta m’óige. Bheinn istigh fán oileán ansin go mion agus go minic3 le mo chuid uncail agus, go díreach, an tsaoirse. Bhain mé sult millteanach as an tsaoirse [atá] ag baint leis – le saol an oileáin ansin agus achan rud mar sin de. So, tá ceangal láidir agam leis sin agus sin mo chuid rútaí. Sin an áit a bhfuil mo theaghlach go fóill, agus sin an áit a bpillim4 air go mion agus go minic nuair atá an deis sin agam.

  1. oileán Inis Bó Finne… Tá Brian ag míniú dúinn gur oileán atá ann ach ní gnách le daoine ‘oileán Inis Bó Finne’ a rá. Is leor ‘Inis Bó Finne.’
  2. de thairbhe gur as an oileán sin m’athair. Thig ‘de thairbhe’ a úsáid sa chiall ‘toisc’ nó ‘cionn as’ nó ‘as siocair’. Ó tharla an focal ‘tairbhe’ a bheith ann, is gnách é a úsáid le heolas atá dearfach nó neodrach.
  3. Bheinn istigh fán oileán ansin go mion agus go minic… Is beag úsáid a bhaineann muintir Ghaeltacht Thír Chonaill as an aimsir ghnáthchaite, i.e. an aimsir a úsáidtear le cur síos ar rudaí a tharla níos mó ná uair amháin. Is minic a chuirtear an modh coinníollach in áit na haimsire gnáthchaite, mar a rinne Brian nuair a dúirt sé ‘bheinn’ in áit ‘bhínn’. Tá rogha eile ann atá iontach coitianta i gCúige Uladh, i.e. ‘ba ghnách le’ a úsáid: ‘Ba ghnách liom a bheith istigh fán oileán go mion agus go minic.’
    Úsáidtear ‘fá’ in áit ‘faoi’ nuair is ‘timpeall’ nó ‘sa chomharsanacht’ atá i gceist, mar shampla ‘thíos fán chladach’ nó ‘chaith sí tamall fá na Rosa.’
  4. sin an áit a bpillim air… Is é ‘fill’ an litriú caighdeánach; ‘pill’ an leagan Ultach. Deir daoine, ‘Caithfidh mé pilleadh ’na bhaile anois.’

Anna Ní Bhroin

Machaire Rabhartaigh, an t-ainm féin,1 tá ceangal ag Machaire Rabhartaigh leis an sloinneadh ‘Uí Rabhartaigh’. Anois, chuala mise dhá leagan2 den ainm áite, den logainm. Deir daoine go bhfuil ceangal aige leis an sloinneadh ‘Ó Rabhartaigh’ agus gur iadsan na chéad daoine3 a bhí lonnaithe san áit, ach is mó seans go mbaineann sé leis an rabharta, nó an fharraige nó an lán mara ard a thagann isteach ar an chúltrá i Machaire Rabhartaigh. Agus ansin, sin an machaire nó an ‘mín’ thíos ansin, an áit a dtagann an fharraige isteach ar an Tráigh Bheag,4 mar a deir muid. Sin míniú an ainm ‘Machaire Rabhartaigh’.

  1. an t-ainm féin… Cé go scríobhtar ‘féin’ is gnách an focal a rá amhail is gur ‘fhéin’ a bheadh ann.
  2. dhá leagan… Tabhair faoi deara mar a deir Anna an focal ‘dhá’. I gcanúintí eile, is fuaim láidir scornúil a bhíonn i dtús an fhocail. I dTír Chonaill, fuaimnítear é amhail is gur ‘dheá’ a bheadh ann.
  3. na chéad daoine… De ghnáth, ní bhíonn séimhiú ar bith i ndiaidh an ailt iolra: ‘na tithe’, ‘na sléibhte’ agus araile. Bíonn séimhiú ar ‘céad’ nuair a chiallaíonn sé first: ‘na chéad chéimeanna,’ ‘na chéad chuairteoirí’.
  4. ar an Tráigh Bheag… Is é ‘trá’ an litriú caighdeánach ach is ‘tráigh’ a deirtear i dTír Chonaill agus i nGaeltachtaí eile.

Is iad seo na leaganacha a d’úsáid na cainteoirí san fhíseán. Tá nótaí breise eolais le cuid de na focail.

1. baile fearainn
2. cois cladaigh
3. corradh is trí mhíle i bhfarraige
Úsáidtear ‘corradh’ in abairtí mar seo: corradh le bliain ina dhiaidh sin, i.e. breis agus bliain ina dhiaidh sin; seacht míle agus corradh, i.e. míle agus tuilleadh lena chois.
4. le bheith ionraice leat
Is é ‘ionraic’ an litriú caighdeánach; ‘ionraice’ an leagan Ultach.
5. go mion is go minic
Thig ‘go mion minic’ a rá fosta.
6. sloinneadh
Is é ‘sloinne’ an litriú caighdeánach; ‘sloinneadh’ an leagan Ultach.
7. logainm/ainm áite
8. lonnaithe
9. machaire/mín
10. is mó seans