San aonad seo, tá nótaí agus cleachtaí ar na rudaí seo a leanas:
- An stór focal a úsáidtear le cur síos ar áiteanna.
- Dearcadh foghlaimeoirí maidir le fuaimeanna na Gaeilge.
- An clásal coibhneasta díreach agus an fhoirm choibhneasta den bhriathar.
- Nascfhocail, i.e. focail agus frásaí a úsáidtear le smaointe a nascadh le chéile.
- Gnéithe de Ghaeilge Uladh atá le cluinstin sna físeáin.
Beidh seans agat féin:
- Píosa a scríobh tú féin a thaifeadadh.
- Do dhearcadh maidir le cúrsaí foghraíochta a chur in iúl agus cuspóirí foghlama a leagan síos.
- Éisteacht le cainteoirí Gaeilge ag cur síos ar na háiteanna arb as iad.